Keflavík
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile san iardheisceart na hÍoslainne is ea é Keflavík. Bunaíodh é san 16ú haois, agus inniu tá Aerphort Idirnáisiúnta Keflavík suite ann, an ceann is mó sa tír. Bunáit tábhachtach ab ea é i rith an Dara Cogadh Domhanda agus an Cogadh Fuar níos déanaí. Tá bunáit Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) suite ann fós.
Tá an leabhar Red Storm Rising, atá scríobtha ag Tom Clancy, suite sa bhunáit seo.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.