John Hume
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Hume | |
|
|
In oifig 1979 – 2001 |
|
Réamhtheachtaí: | Gerry Fitt |
Comharba: | Mark Durkan |
MP do Foyle
|
|
In oifig 1983 – 2005 |
|
Réamhtheachtaí: | Eddie McAteer |
Comharba: | Mark Durkan |
|
|
Dáta breithe | 18 Eanáir, 1937 |
Doire, Tuaisceart Éireann | |
Páirtí | Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre |
Gairm | Múinteoir |
Céile | Patricia Hume |
Iar-pholaiteoir i dTuaisceart Éireann is ea John Hume (rugadh i nDoire ar an 18 Eanáir, 1937 é) a bhíodh ina cheannaire ar Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) ó 1979 go 2001. Tá sealanna caite aige mar FPE agus mar Fheisire do toghcheantar an Fheabhail. Bhí ról lárnach aige i gcomhlánú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus rinne sé a dhícheall chun deireadh a chur le feachtas foréigin an IRA len iad a "thabhairt isteach ón bhfuacht" agus iad a chur ag caint leis na páirtithe aontachtacha. Bronnadh an Duais Nobel air i 1998 mar aon le David Trimble mar gheall ar an obair a rinne siad ar son na síochána i dTuaisceart Éireann. (Níor choinnigh sé an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, gníomh praiticiúil éacúiméineach.) Agus é ina cheannaire air, ba é an SDLP an páirtí is rathúla i dTuaisceart Éireann. D'éirigh sé as an gceannasaíocht i 2001 agus ghlac Mark Durkan a áit.
[athraigh] Foirgneamh Hume
Ainmníodh foirgneamh mór nua ar champas a alma mater i Má Nuad as John Hume. Osclaíodh Foirgneamh Hume go hoifigiúil ar 23 Aibreán 2005.[1][2]
[athraigh] Tagairtí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.