See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Im Krebsgang - Vicipéid

Im Krebsgang

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úrscéal le Günter Grass is ea é Im Krebsgang (Siúl an Phortáin) a foilsíodh sa bhliain 2002. Is é an rud atá ann ná súil leathfhicseanúil, leathfhírinneach ar eachtra stairiúil agus an dóigh a bhfuil sí ag imirt a tionchair ar an saol comhaimseartha.

[athraigh] An Scéal

Iriseoir darb ainm Paul a insíonn an scéal, fear a rugadh ar an lá céanna, an 30ú Eanáir 1945, ar bádh an long ollmhór úd Wilhelm Gustloff. Long paisinéirí a bhí ann agus í ag iompar sibhialtaigh ón bPrúis Thoir, an cúige Gearmánach a bhí díreach ar tí titim leis an Arm Sóivéadach. Tháinig máthair Paul, Tulla Pokriefke, slán as an tubaiste, agus í ar duine den deich míle a bhí ar bord. Bhí sí ag iompar clainne, agus ansin, rugadh Paul di ar bord an Löwe ("An Leon"), an bháid toirpéid a shábháil í.

In imeacht na mblianta, tháinig Paul i mbun a mhéide, phós sé, agus saolaíodh mac dó, Konny, sula bhfuair sé colscaradh óna bhean. B'í a sheanmháthair ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an stócach, agus í á spreagadh chun rud éigin fiúntach a dhéanamh le cuimhne na ndaoine a maraíodh ar bord an Wilhelm Gustloff a urramú. Rinne sé dianstaidéar ar an Idirlíon ar an bhfear ar hainmníodh an long as, mar atá, Wilhelm Gustloff, feidhmeannach Naitsíoch sna tríochaidí. Fuair sé bás nuair a scaoil mac léinn óg Giúdach darbh ainm David Frankfurter urchar leis.

Chuaigh an eachtra lámhaigh seo go mór i gcion ar Konny. Ar an idirlíon, casadh Wolfgang, buachaill ar comhaois leis féin, air, agus d'éirigh siad cairdiúil le chéile. Gearmánach óg a bhí ann, agus é an-bháúil le cás na nGiúdach. Shocraigh siad bualadh le chéile, agus chuaigh siad ag baint lán a súl as dealbh Wilhelm Gustloff in éineacht. Cheap Konny go raibh maslú á dhéanamh ag Wolgang ar chuimhne Gustloff. Anois ghlac seiseann ról David Franfurter agus shamhlaigh sé Wolfgang in áit Gustloff na blianta roimhe agus dhúnmharaigh sé Wolfgang. Daoradh chun priosúin é. Rinneadh mairtíreach de i súile na Nua-Naitsithe.

Fuair níos mó daoine bás tubaisteach i suncáil na loinge sin ná in aon tubaiste mhara roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus rinne na Nua-Naitsithe siombail den long don éagóir a shíl siad a bheith á himirt ar na Gearmánaigh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. San úrscéal seo, snaidhmeann Grass an eachtra stairiúil agus na fadhbanna comhaimseartha dá chéile leis an máistreacht is dual dó.


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -