Iúr Chinn Trá
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iúr Cinn Trá Newry |
|
---|---|
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
54.175556° N 6.349167° W |
|
Daonra (2001) | 27,433 |
Dífhostaithe | 5.5% (aois 16-74) |
Comhairle Áitiúil | An tIúr agus Múrna |
Ceanntar Parlaiminte | An tIúr agus Ard Mhacha |
Ball Parlaiminte | Connor Murphy (SF, 41.4%) |
Creideamh | Caitlicigh 89.6%, Protastúnaigh 9.4% |
Contae | Contae an Dúin / Contae Ard Mhacha |
Cúige | Ulaidh |
Is é Iúr Cinn Trá nó An tIúr (Newry sa Bhéarla) an tríú cathair is mó in Ultaibh de réir daonra, i ndiaidh Bhéal Feirste agus Doire Choilm Cille. I ndeisceart Chontae an Dúin/Chontae Ard Mhacha atá sé. Tá sé timpeall leathbhealach idir Bhéal Feirste agus Bhaile Átha Cliath. Tá daonra tuairim agus 35,000 ann, agus ba sa bhliain 1144 a bunaíodh é taobh le mainistir Chistéirseach.
Bhronn Rí Chenél nEógain Muirechertach Mac Lochlainn agus Ard Rí na hÉireann (circa 1154 go dtí 1156), tar éis dó dul i gcomhairle le Easpag Ard Mhacha, Mael Maedoc, Chairt nó Donatio ( Tá sí scríofa i Laidin ) de thalamh sa bhreis ar na Cistéirsigh. Tá an Chairt nó Donato seo ar thaispeaint in Iarsmalann na Cathrach.
D'fhás sé suas ina bhaile margaidh agus garastúin, agus rinneadh longphort de i 1742 nuair a cuireadh ceangal chuige as Loch nEathach leis an gcéad chanál in Éireann. I mí Márta 2002, cheap an Bhanríon 'Éilis 2' Iúr Cinn Trá ina chathair.
I measc na mór-fhoirgneamh sa chathair tá Ardeaglais Chaitliceach Iúr Cinn Trá agus Halla na Cathrach. Tá Halla an Bhaile suimiúil mar gur tógadh é os cionn na habhann atá ar theorainn Chontaetha an Dúin agus Ard Mhacha. Tá iarsmalann agus Ionad éalaíona sa chathair chomh maith.
Clár ábhair |
[athraigh] Foirgnimh tábhtacha
[athraigh] Riarachán
Tá Comhairle an Iúir agus Mhúrn freagrach as riarachán logánta an cheantair. Is iad Oifigí na Comhairle, Rae Mhuineacháin, príomhionad riaracháin na Comhairle. Tá na ranna a leanas lonnaithe ar Rae Mhuineacháin:
- Roinn an Chléirigh
- Riarachán
- Airgeadas
- Rialú Tógála
- Sláinte Chomhshaoil
Tá Rialú Tógála agus Sláinte Chomhshaoil faoi an Rannóg Timpeallachta. Tá na rannóga eile lonnaithe in Oifigí na Comhairle, ar an Bhruach Glas.