See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Homer Simpson - Vicipéid

Homer Simpson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Homer Simpson ceann de na príomhcharachtair sa sraith teilifíse bheoite cáiliúil The Simpsons. Baineann sé le saol teaghlaigh Mheiriceánaigh a bhfuil cónaí orthu i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe.

Rugadh agus tógadh Homer i mbaile Springfield, áit a bhfuil cónaí air fós in éineacht lena bhean Marge agus a dtriúr páistí, Bart, Lisa agus Maggie. Is mac le hAbe agus Mona Simpson é Homer. Tá leasdeartháir aige darb ainm Herb agus leasdeirfiúr chomh maith, an toradh ar chaidreamh idir a athair is bean Sasanach a casadh ar Abe agus é ar stáisiún i Sasana le linn an Dara Cogadh Domhanda. Níl sé soiléir cén aois é Homer, ach de réir cosúlachta, rugadh sa mbliain 1956 é.

Oibríonn sé mar chigire sábháilteachta i gCumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Ach caitheann sé an chuid is mó dá chuid ama ina chodladh nó ag ithe taoschnónna. Taobh amuigh den obair caitheann sé go leor ama i dteach tábhairne Moe. San áit sin, is maith le Homer cúpla pionta Duff a chaitheamh siar in éineacht lena chairde, Barney, Carl agus Lenny.

Tá cuma áirithe ar na carachtair – tá craiceann buí orthu agus súile móra acu agus ceithre mhéar ar a lámha. Tá go leor tréithe diúltacha ag baint le Homer chomh maith. Léirítear é mar fhear gáirsiúil, gan mórán oideachais, a itheann agus a ólann an iomarca. Tá sé maol, ramhar, amaideach, leisciúil agus mí-fhoighdeach. Tá achar airde an-ghearr aige chomh maith a chomhlánaíonn an paisean a bhíonn aige do caitheamh aimsire éagsúla. Ach, amanna, éiríonn le Homer an taobh is fearr dá phearsantacht a thaispeáint – is féidir leis a bheith solúbtha, cumasach agus díograiseach.

Is fear céile agus athair carthanach é Homer agus sna blianta ó taispeánadh The Simpsons ar dtús tá pearsantacht Homer tar éis fás agus is carachtair cáiliúil é anois agus réalta den chultúr Meiriceánach.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -