Gnóthaí poiblí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séard is brí le gnóthaí poiblí ná aon ghnó nó ábhar a bhaineann leis an pobal, sé sin daonra tír i gcoitinne. Is iad gnóthaí príobháideacha aon ghnó nó ábhar a bhaineann le duine aonoir nó cuideachta príobháideach.
Is ón Laidin a d'eascair an smaoineamh seo. Res publica an nath a bhí ag na Rómhánaigh ar ghnóthaí poiblí. Res privata an nath a bhí acu ar ghnóthaí príobháideacha. Is ón nath res publica a thagann republic sa Sacs-bhéarla, republique sa bhFraincís, Republik sa Ghearmáinis agus mar sin de.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.