Georgy Malenkov
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Georgy Maximilianovich Malenkov Гео́ргий Максимилиа́нович Маленко́в |
|
Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh
|
|
In oifig 6 Márta, 1953 – 14 Meán Fómhair, 1953 |
|
Réamhtheachtaí: | Iósaf Stailín |
Comharba: | Nikolai Bulganin |
|
|
Dáta breithe | 8 Eanáir, 1902 |
Orenburg, Impireacht na Rúise | |
Dáta báis | 14 Eanáir, 1988 |
Moscó, APSS | |
Páirtí | Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh |
Polaiteoir Sovéideach de phór Macadónach ab ea é Georgy Maximilianovich Malenkov (Rúisis: Гео́ргий Максимилиа́нович Маленко́в, Georgij Maksimilianovič Malenkov; 8 Eanáir, 1902 – 14 Eanáir, 1988). Bhí Malenkov ina Cheannaire ar an Pháirti Cummanach sa tír, agus dlúth-chomhoibritheoir le hIósaf Stailín. Chaith sé tréimshe ghearr in oifig mar cheannaire na tíre ar fad idir mí na Márta agus mí Meán Fómhair 1953 tar éis bás a chomhghuaillí Stailín. Ina dhiaidh sin, chaith sé seal eile mar Phríomh-aire ar Aontas na Sovéide idir na blianta 1953 agus 1955.
Tar éis dó a bheith ainmnithe mar iarrthóir don Pholitburo, tháinig Malenkov isteach ann sa bhliain 1946. Ní túisce a bhí sé isteach ann nuair a thit sé as fábhar le Stailín, mar gheall ar iomaíocht nua ó Andrei Zhdanov agus Lavrentiy Beria. Bhí Malenkov in ann meas an cheannaire a bhuachaint ar ais, go h-áirithe le titim Zhdanov. D'aontaigh Malenkov agus Beria le chéile, agus d'fhan an bheirt slán sábháilte nuair a ghlanadh comhghuaillaithe Zhdanov go léir ón pháirtí agus seoladh iad chuig na gcampaí géibhinn. Sa bhliain 1952, ceapadh Malenkov mar Rúnaí an Lárchoiste CPSU, páirt den Ardrúnaíocht (an Secretariat). Nuair a bhásaigh Stailín sa bhliain 1953, ardaíodh Malenkov suas go dtí an oifig is airde a bheadh aige riamh. Le tacaíocht Bheria, d'éirigh sé chun a bheith ina Chathaoirleach ar Chomhairle na nAirí. Bhí air éirí as ar an 13 Márta, ámh, de bharr cur in aghaidh láidir ó bhaill eile den Phraesaidiam. Thóg Nicíte Cruistsiof an oifig Céad-Rúnaí i mí Meán Fómhair, rud a chur tús le tréimshe "duumvirate", nó cumhachtroinnt idir eisean agus Malenkov.
D'fhan Malenkov san oifig ar feadh dhá bhliain. I rith na blianta seo, bhí sé glórach agus oscailte ina mhí-shástacht le h-airm núicléacha. Chomh maith le sin, bhí sé i bhfábhar an geilleagar a ath-dhíríú ar earraí tomhaltais in áit tionscail troim, rud a dhéanfadh a chomharba Cruistsiof (1955-1964) níos déanaí.
B'éigean do Mhalenkov a phost a fhágáil i mí Feabhra 1955, nuair a thosaíodh ionsaithe air mar gheall ar a chomhghuallaíocht le Beria (eisean a chuireadh chun báis mar bhrathadóir i mí na Nollag 1953), agus an mhoill leis na leasuithe a bhí geallta aige, athshlánaíodh na bpríosúnach polaitíochta ach go h-áirithe. D'fhan sé sa Phraesaidiam, a tháinig isteach in áit an Pholitburo. Sa bhliain 1957, áfach, bhí air éirí as arís nuair a rinne sé iarracht mí-rathúil an ruaig a chur ar Chruistsiof, i gcomhoibriú le Nikolai Bulganin, Vyacheslav Molotov, agus Lazar Kaganovich (an Grúpa Frith-Pháirtí, mar a thugtaí orthu). Níor daoradh iad chun báis, mar a ndéantaí i laethanta Stáilín, ach cuireadh laghdú ollmhór ar an tionchar a bhí acu ar pholaitíocht na tíre.
Sa bhliain 1961, caitheadh Malenkov amach ón pháirtí Cumannach, agus seoladh é ar deoraíocht taobh istigh den Aontas Sovéideach. Tar éis tamaill, ghlac sé post nua mar bhanisteoir ar ghléasra hidrileichtreach san Chasacstáin. Ina bhlianta deireanach, canadh sé leis an gcór in Ardeaglais Yelokhovsky, i Moscó. Ní bhfuair a bhás aird ar bith ón stát sa bhliain 1988.
[athraigh] Naisc sheachtracha
Ceannairí na Rúise |
||
Impireacht na Rúise (1721–1917) |
||
Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II |
||
Aontas na Sovéide (1917–1991) |
||
Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov |
||
Cónaidhm na Rúise (1991-inniu) |
||
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.