Gael
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Gaeil (Gael, fir., Gaeil = iolra agus gin, aid. = Gaelach) ar cuid mhór de mhuintir na hÉireann, na Alban agus oileáin Mhanann, agus ar a sliocht ar fud an domhain.
Is ainm cine é an focal, sa bhrí go dtugtaí Gaeil ar dhaoine nach raibh aon cheist ach gur as Éireann a shíolraigh a muintir, sa stair. Ag an am céanna, thugtaí Gaill ar dhaoine nárbh de shliocht Gaelach iad, fiú ag an am a raibh siadsan súite sa chultúr Gaelach. Baineann muintir na dtrí thír thuas feidhm i gcónaí as an bhfocal ag tagairt dóibh féin, agus ní gnách cuimhneamh ar shliocht an duine nó a mhuintire, mar go bhfuil fuil Ghaelach agus Ghallda ag sruthadh trí chuislí formhór mhuinitir na hÉireann. Úsáidtear an téarma go coitianta as Gaeilge le tagairt d'aon duine agus go leor rudaí mar phlandaí as Éirinn, ach le blianta beaga anuas tá muintir na tíre ag tabhairt Éireannaigh orthu féin. In Albain, cé gur de shliocht Gaelach go leor sa tír, ní thugann siad ar fad Gaeil orthu féin, ach amháin sa Ghàidhealtachd (Garbhchríocha agus Oileáin Iartharach na hAlban). Is ait do Ghaeilgeoir uaireanta nuair a thugann lucht a dtír féin Éireannaigh orthu, mar gur mhó a thagraíonn "Éire" don tír agus don talamh ar a bhfuil na Gaeil, nó mórán acu, suite.
Tagraíonn an aidiacht Gaelach freisin do ghnéithe den saol Gaelach, mar shampla i gcúrsaí spóirt agus teangan.