Donostia-San Sebastián
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Donostia-San Sebastián (Bascais: Donostia, Spáinnis: San Sebastián, go hoifigiúl glaotar Donostia-San Sebastián uirthi) príomhchathair cúige Gipuzkoa/Guipuscoa i dTír na mBascach. An daonra atá aici ná 182,930 (meastachán ó 2005).
Tá an chathair lonnaithe ar chósta thuaidh Tír na mBascach, agus ar chósta theas Bá na Bioscáine. Is ionaid saoire trá ar a bhfuil móréilimh uirthi mar gheall ar a líne chósta pictiúrtha
Glaotar Donosti ar an gcathair ina chanúint féin de teanga na mBascach.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
- 1014 Tugann Sancho III Pamplona mainistir Naomh Sebastián i mbaile Hernani do Mhainistir Leire.
- 1150 Tugann Sancho VI Pamplona cumhacht don chathair ar an réigiún uilig idir na haibhneacha Oria agus Bidasoa.
- 1200 Cloíonn Castille faoin rí Alfonso VIII an chathair
- 1656 Úsáidtear an chathair mar an cheanncheathrú ríoga le linn pósadh an Infanta le Louis XIV ag St Jean de Luz atá gar.
- 1728 Neartaíonn bunú an Real Compañía Guipuzcoana de Caracas tráchtáil le Críocha Mheiriceá na Spáinne.
- 1813 Buann fórsaí Briotanacha agus Portaingéalacha ar fhórsaí Napoléon sa chathair tar éis léigear, ar an 31 Lúnasa. Dónn na fórsaí buacha an chathair cé go bhfuil muintir na cathrach i gcoinne na bhFrancach. Ní fhágtar ach sráid amháin a ghlaoitear Sráid an 31ú Lúnasa uirthi anois.
- 1813 Déantar atógáil ar an gcathair sa suíomh ina raibh sé cheanna, ach le leagan amach beagáinín éagsúil. Tá an ailtireacht go formhór sa stíl céanna.
- 1833 Cosnaíonn óglaigh Briotanacha faoi cheannas George de Lacy Evans an chathair ó ionsaí Carlach. Cuirtear na mairbh i Reilig na Sasanach ar Monte Urgull
- 1863 Leagtar ballaí na cathrach chun go rachaidh leathnú ar an gcathair ar aghaidh. (Is féidir na hiarsmaí dóibh a fheiceáil sa charrchlós faoi thalamh ag an Boulevarde)
- 1936 Buann na Náisiúnaigh Bascach ar an gcoup míleata.
- 1937 Cloíonn fórsaí Náisiúnacha an cúige le linn Chogadh Cathartha na Spáinne
- 1953 Tús le Féile Scannáin Idirnáisiúnta Naomh Sebastián.
[athraigh] Spórt
Is í Donostia-San Sebastián baile club sacair Real Sociedad. Ar 17 Meitheamh 2007, lá deireanach na sraithe 2006/2007, thit an club síos chuig an dara sraith i La Liga, tar éis dóibh bheith sa Primera Liga ar feadh 40 bliain. Imríonn Biarritz Olympique, foireann rugbaí, sa chathair chomh maith, i Staid Anoeta.
[athraigh] Cultúr
Féile Scannáin Idirnáisiúnta Donostia-San Sébastián Ceann de na féilte scannáin is tábhachtaí san Eoraip. Déanann iúré tromlach na gradaim a bhronnadh, ach vótáileann an pobail don scannán is fearr. Na príomgradaim ná an Sliogán Mara Órga agus an Sliogán Mara airgid.
[athraigh] Ceiliúrtí
Ceiliúrann muintir na cathrach féasta Naomh Sebastián gach biain ar an 20iú Eanair, ar a ghlaotar féile "Tamborrada". Ag méan-oíche ardaíonn an méara bratach sa Konstituzioa plaza atá suite sa sean-chathair ("Alde Zaharra/Parte Vieja") agus bíonn fuaim drumaí le chloisteáil ar fud na cathrach ar feadh 24 uaire. Gléasann na daoine fásta mar chócairí agus saighdiúrí agus mairseáileann siad ar na sráideanna. Síneann bunús na cultacha ar ais chuig aimsir forghabha na fórsaí Napoléonach ar an gcathair. Itheann na daoine fásta an bia agus ólann siad na fíonta is fearr sna "Sociedades". Ní cheadaíodh mná sna "Sociedades" seo go traidisiúnta, ach ní hé sin an chás sa lá atá inniú ann. Tar éis na drumaí a chloisteáil tríd an oíche, éiríonn na páistí chun tús a chur lena leagan ar an bhféile. Gléasann na páistí uilig mar shaighdiúrí agus mairseáileann siad tríd an chathair. Bíonn siad gléasta i gcultacha a sheasann do tíotha éagsúla.
Tá féile bliantúil ann i Mí Lúnasa ar a ghlaotar Nagusia i mBascais, a mhaireann ar feadh seachtaine. Bíonn comórtas tinte ealaíona ann ina mbuann an taispeáinteas is fearr thar tréimhse na féile
Tá cáil ar Donostia-San Sebastián mar gheall ar a chócaireacht Bascaigh agus pintxos (tapas) agus a cheantar bialainne in aice an calafoirt.