CLG Áth an Mhuilinn (Luimneach)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Milford | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1999 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Sóisear A | ||||||||||||||||
Iomáint: | Sóisear B | ||||||||||||||||
Dathanna: | Gorm is dubhghorm | ||||||||||||||||
Páirc: | Faiche na Rós, Caladh Uí Threoigh, Luimneach | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Áth an Mhuilinn. Tá sé bunaithe i bparóiste Mhuire Cúnamh na gCríostaithe timpeall Ollscoil Luimnigh i mbruachbhaile Caladh Uí Threoigh ar thaobh thoir Cathair Luimnigh. Imrítear peil agus iomáint ach tá an pheil níos láidre sa chlub.
Cuireadh tús le fóirne na n-óg sa bhliain 1999 agus le fóirne sinsear sa bhliain 2002 agus 'sé Áth an Mhuilinn an club is óige sa chontae. Sular bhunaíodh an club, d'imir formhór iománaithe agus peileadóirí an pharóiste le Móin a' Lín.
Shroich Áth an Mhuilinn cluiche leath-cheannais Peile Sóisear B Chontae Luimnigh sa bhliain 2005 agus shroicheadar cluiche leath-cheannais Peile Sóisear A an chontae sa bhliain dár gcionn.
D'imir an club ar dtús in Ollscoil Luimnigh ach tá a bpáirc féin ar chíos acu ar bhruach na Sionainne i bPáirc Teicneolaíochta Plassey ón mbliain 2003.
Imríonn Gearóid Ó Coileáin (Ger Collins), ball d'fhoireann peile sinsir Luimnigh, le Áth an Mhuilinn.