Caoimhín Ó hUiginn
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caoimhín Ó hUiginn | |
Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle
|
|
In oifig 6 Nollaig 1922 – 10 Iúil 1927 |
|
Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
Comharba: | Earnán de Blaghd |
Aire Dlí
|
|
In oifig 30 Lúnasa 1922 – 10 Iúil 1927 |
|
Réamhtheachtaí: | Éamon Ó Dugáin |
Comharba: | L.T. Mac Cosgair |
|
|
Dáta breithe | 7 Meitheamh 1892 |
Laois, Éire | |
Dáta báis | 10 Iúil 1927 |
Baile Átha Cliath | |
Páirtí | Cumann na nGaedheal |
Polaiteoir Éireannach ab ea é Caoimhín Críostóir Ó hUiginn (as Béarla, Kevin Christopher O'Higgins; 7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927).
Bhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse. Bhí sé meáite le troid in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta, agus b'éigean dó filleadh abhaile. I rith an Chogaidh Chathartha, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis. Bhí Ruairí Ó Conchúir ar duine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina vaidhtéir ag a bhainis. Dúnmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann agus iad ag baint sásaimh as ar son an Chogaidh Chathartha.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.