See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Bono - Vicipéid

Bono

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Paul David Hewson príomhamhránaí an bhanna ceoil raic, U2. Rugadh ar an 10 Bealtaine, 1960 i mBaile Átha Cliath, Éirinn é. An leasainm atá air ná Bono Vox, agus an t-ainm stáitse ná Bono. Bhí sé ina bhall uair amháin den bhanna ceoil The Virgin Prunes.

Bono (Photo: Patrick André Perron)
Bono (Photo: Patrick André Perron)

[athraigh] Saol

Tógadh i mBaile Átha Cliath é. Caitiliceach ab ea a athair agus ba Phrotastúnach í a mháthair. Tógadh é le creideamh láidir mar bhall d’Eaglais na hEireann ach nuair a ceistíodh é faoina chreideamh, dúirt sé go raibh sé idir dhá chomhairle faoin gceist.

Bhásaigh a mháthair nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Chuaigh sé ar scoil i Scoil Chuimsitheach Shliabh an Teampaill. B’ansin a tugadh an leasainm ‘Bono Vox of O’Connell Street’ air.

Sa bhliain 1976, d’fhreagair sé fógra a chuir a chomhscoláire Larry Mullen amach chun banna a chur le chéile.

Rinne David Evans (The Edge), a dheartháir Dick Evans (a d’fhág an banna go gairid ina dhiaidh sin) agus Adam Clayton amhlaidh. Do mhúnlaigh an ceathrar a bhí fágtha an grúpa Feedback sular athraigh siad an t-ainm go The Hype agus, ar deireadh thiar thall, shocraigh siad ar an ainm U2. Ar dtús, sheinn Bono an giotár agus chum sé amhráin ach, de réir mar a tháinig feabhas ar The Edge mar ghiotáraí, ní dhearna Bono ach amhráin a chanadh ansin.

Tá sé pósta lena leannán ón mheánscoil, Alison 'Ali' Stewart, agus tá ceathrar clainne acu: Jordan (a rugadh i 1989), Memphis Eve (Eve a rugadh i 1991), Elijah Bob Patricius Guggi Q (a rugadh i 1999) agus John Abraham (a rugadh i 2001).

Sa bhliain 1992, cheannaigh sé féin agus giotáraí U2, The Edge, an t-ostán dhá réalt, seachtó seomra codlata, An Clarence agus rinneadh óstán cúig réalt le daichead a naoi seomra codlata as. Gan mhoill bhí sé ar an óstán ab fhaiseanta agus ba dhaoire sa chathair.

Sa bhliain 2002, scríobh sé réamhrá do Leabhar na Salm, ceann de naoi leabhar an Bhíobla a d’fhoilsigh Cannongate Books ceann i ndiaidh a chéile sa tsraith “Pocket Cannons”.

Ciallaíonn ‘Bono Vox’ de ghnáth 'an guth maith'. Is é Vox an t-ainmní agus Bono an cuspóir indíreach. Tá an-mheas ag Bono ar shaothar John Lennon agus a dhlúthcharad Billy Corgan atá mar bhall den ghrúpa Smashing Pumpkins. Ba é tuairim Bono gurbh é an t-albam Mellon Collie and the Infinite Sadness an t-albam ab fhearr a chuir Smashing Pumpkins amach. Is iontach an banna iad, dar le Bono.

[athraigh] Cearta Sóisialta

Sa bhliain 1985 ghlac sé páirt sa cheolchoirm Band Aid. Le blianta beaga anuas, tá sé ag caitheamh a lán ama ag iarraidh fiacha an Tríú Domhan a chur ar ceal. Bhunaigh sé an t-eagras DATA chun aird an domhain a dhíriú ar chruachás na hAfraice agus chun é sin a chur í gcrích bhuail sé le Paul Martin, Príomh-Aire Cheanada agus an tUactarán George W. Bush. Bhuail sé le Bush nuair a bhí sé ag tabhairt $5 bhilluín le haghaidh tíortha a raibh meas acu ar chearta daonna.

I Mí Iuil 2005, rinne sé an iarracht aird a dhíriú ar Live 8, ceolcoirmeacha a bhí le bheith ar siúl timpeall an domhain, a ghríosódh ceannairí na stát tionsclaiochta ar fud na cruinne chun fiacha ollmhóra a chur ar ceal, polasaí tradála a fheabhsú agus i bhfad níos mó airgid a chur ar fáil le haghaidh géarchéimeanna, ina measc an SEIF.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -