Béaloideas na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bíonn traidisiún láidir béaloidis ag neart pobal tuaithe ar fud an domhain, Éire san áireamh. De ghnáth, baineann an béaloideas le heachtraí stairiúla a tharla sa gceantar máguaird, m.sh. bá tragóideach iascairí, nó le heachtraí daoine cáiliúla ón stair, m.sh. Gráinne Mhaol. Caitheamh aimsire a bhíodh sa mbéaloideas roimh ré na litearthachta fairsinge, ach tá suim réasúnta mór fós in ealaín insinte scéil sa lá atá inniu ann, cé go bhfuil formhór an phobail dulta i dtuilleamaí na teilifíse agus na meán cumarsáide eile le haghaidh a gcuid nuachta agus a gcuid seanchais.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.