Arthur Miller
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Údar agus drámadóir Meiriceánach ba ea é Arthur Asher Miller (17 Deireadh Fómhair, 1915 – 10 Feabhra, 2005). Ba scríbhneoir an-tábhachtach é i litríocht Meireiceánach ar feadh níos mó ná seasca bliain, agus meastar go bhfuil sé i measc na drámadóirí is fearr a tháinig as an tír sin riamh. Sampla beag de na drámaí cáiliúla a scríobh sé ná The Crucible, A View from the Bridge, All My Sons agus Death of a Salesman. Bronnadh a lán duaiseanna ar Miller i rith a shaoil, mar shampla an Duais Pulitzer do Litríocht.
Clár ábhair |
[athraigh] Saol
Saolaíodh Arthur Miller i Harlem, i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1915, mac le tuismitheoirí Giúdach-Meiriceánach. Bhog siad chuig Brooklyn sa bhliain 1929. Bhain sé céim Béarla amach ó Choláiste Michigan sa bhliain 1938, agus thosaigh sé ag scríobh a chuid drámaí ag an am céanna. Bhí clú ar Miller freisin mar gheall ar é a bheith pósta leis an aisteoir Marilyn Monroe idir 1956 agus 1961. Cailleadh é i mí Feabhra 2005 i Rockford, Connecticut nuair a theip ar a chroí.
[athraigh] Saothair
[athraigh] Drámaí
- Honors at Dawn
- The Man Who Had All the Luck
- All My Sons
- Death of a Salesman
- An Enemy of the People
- The Crucible
- A View From the Bridge
- Incident At Vichy
- The Price
- In Russian
- The Creation of the World and Other Business
- The American Clock
- A Memory of Two Mondays: Play in One Act
- Up From Paradise
- The Archbishop's Ceiling
- The Last Yankee
- Everybody Wins
- Ride Down Mount Morgan
- Broken Glass
- Mr. Peters' Connections
- Resurrection Blues
- Finishing the Picture
[athraigh] Obair eile
- "The Misfits" (gearrscéal)
- I Don't Need You Anymore (gearrscéalta)
- Homely Girl: A Life (trí gearrscéal)
- Timebends (dírbheathaisnéis)
- On Politics and the Art of Acting (óráid)
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Arthur Miller ag an Internet Broadway Database
- Arthur Miller ag an Internet Movie Database
- Arthur Miller Society
- Scéala báis sa nuachtán New York Times
- Scéala báis ag CNN
- Scéala báis ag an mBBC
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.