Ard Aidhin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ard Aidhin | |
---|---|
Learscáil | |
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
53.38274° N 6.195002° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann O176375 |
|
Daonra ( ) - Baile: |
36,564 |
Airde: | 0[1] |
Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
Cúige: | Laighin |
Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Ard Aidhin (Artane nó Artaine as Béarla).
Bhí caisleán ann ag muintir Hollywood, tráth. I 1534 chuir leantóirí Silken Thomas ardeaspag Bhaile Átha Cliath, John Allen, chun báis taobh amuigh den chaisleán. Leagadh é seo chun scoil thionsclaíoch a thógáil i 1870, faoi stiúradh na mBráithre Críostaí; Scoil Naomh Dáithí atá ann anois. Bunaíodh Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin i 1872 agus tá an-aithne orthu mar gheall ar a dtaispeántais i bPáirc an Chrócaigh le linn cluichí tábhachtacha.
Tharla tubaiste ollmhór ann i bhFeabhra 1981, nuair a dódh club oíche Stardust agus fuair 48 duine bás.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.