An Bulla Thuaidh
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is oileán é An Bulla Thuaidh (nó Oileán an Tharbh Thuaidh) atá suite i mBá Bhaile Átha Cliath, beagnach comhthreomhar le cósta thuaidh na bá idir Cluain Tarbh agus Ráth Eanaigh. Tá an oileán 5 chiliméadar ar fad agus 800 méadar ar leithead. Tá trá gainmheach ó cheann ceann an oileáin ar a chósta theas-thoir.
[athraigh] Stair
Bhí fadhb i gcónaí ag Bá Bhaile Átha Cliath le líonadh le glár, go háirithe ag béal na Life agus ag an am céanna, bhí dhá oitir gainimh sa Bhá - an Bulla Thuaidh agus an Bulla Theas. Bhí oitir gainimh eatarthu freisin a bhí ag cur isteach ar longa ag seoladh go dtí Port Bhaile Átha Cliath. Tógadh dhá bhac chun an chuisle cuain a choimeád slán - Balla an Bhulla Theas agus Balla an Bhulla Thuaidh. Tógadh Balla an Bhulla Theas idir 1715 agus 1830 agus tógadh Balla an Bhulla Thuaidh idir 1820 agus 1825. Doimhníodh an chuisle cuain ag béal na Life ó 1.8m go dtí 4.8m sna 48 mbliana tar éis tógála Balla an Bhulla Thuaidh. Leagadh an glár a scuabadh ón gcuisle cuain ar an mBulla Thuaidh agus thosaigh an t-oileán ag fás.
[athraigh] Teacht ar an Oileán
Tá droichead adhmaid idir Cluain Tarbh agus an oileán. Tá cabhsa leathan idir Ráth Eanaigh agus an oileán.
[athraigh] Úsáid an Oileáin
Tá pobal buan beag ar an oileán, agus dhá ghalf-chúrsa. Tá dealbh Réalta na Mara ag ceann Bhalla an Bhulla Thuaidh.
Tá an oileán liostáilte ag UNESCO mar thearmann bithsféir.