.cat
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Tá roinnt béarla inti fós Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is fearann cineálach é an FBL .cat a bhaineann le Catalóinis agus saíocht na Catalóine [1]. D'fhorbair ICANN agus an Fundació puntCAT na beartais a bhaineann leis. Tugadh cead dó i mí Meán Fómhair 2005.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Sula raibh .cat ar fáil, bhí leisce ar dhreamanna agus ar dhaoine áirithe leas a bhaint as fearainn .es, .fr, .it (ag brath ar an tír ina raibh siad) ar a gcuid láithreáin gréasáin agus roghnaíodar fearainn eile. Baineann láithreán gréasáin cathair Girona sa Chatalóin, feidhm as fearann .gi ("http://www.ajuntament.gi/", ciallaíonn ajuntament comhairle na cathrach), cé go bhaineann .gi le Gibraltar.
Mar réiteach ar an fhadhb seo, ceadaíodh .cat i 2005 do gach láithreán gréasáin a bhfuil baint aige leis an Chatalóinis agus le saíocht na Catalóine. [2]
[athraigh] Srianta
Níl an fearann .cat teoranta do thír amháin. Baineann sé leis an pobal ar fad an domhain a labhraíonn Catalóinis beag beann cén áit ar domhain ina bhfuil an láithreán gréasáin lonnaithe. Ionas go mbronnfar fearann .cat ar dhuine nó eagras, ní mór don duine nó don eagras sin bheith mar ball den pobal Catalóinis ar an ghréasán domhanda. Síltear gur ball den phobal seo duine, eagras nó cuideachta iad má tá:[2]
- ábhair foilsithe ar an ghréasán domhanda acu i gCatalóinis cheana féin.
- rochtain acu ar thagairt shainiúil (ar a ghlaoitear ENS uaireanta), a thugtar dóibh i rith tionscnaimh faoi leith nó trí chomhaontuithe le forais áirithe.
- siad ag forbairt imeachtaí (i dteanga ar bith) chun an Chatalóinis agus saíocht na Catalóine a chur chun cinn.
- tacaíocht faighte acu ó triúr eile nó foras amháin atá ag baint feidhm as an fearann .cat cheana.
De réir na rialacha a bhaineann le feidhm a bhaint as an fearann .cat, níl cead ag aon duine feidhm a bhaint as más é cait ábhar an láithreán gréasáin acu. Ní mór baint a bheith ag an láithreán leis an Chatalóinis.
[athraigh] Tionchar in áiteanna eile
I mí Aibreán 2008, chuir Daniel Turp, ionadaí ón Parti Québécois, tús leis an feachtas Opération .qc, tionscadal agus achainí chun fearann .qc a chruthú. Luaigh sé go raibh an feachtas chun an fearann .cat a ghnóthú mar fasach dó.
Tá feachtas faoi lán sheoil an fearann .gal a ghnóthú don Ghailísis. Tá cumann darbh ainm Puntogal i dtús cadhnaíochta chun .gal a fháil ar an dóigh chéanna is a bhfuair lucht na Catalóinise an fearann .cat