Éamon Ryan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éamon Ryan | |
Éamon Ryan (i lár baill) ag agóid de chuid Shell chun Sáile, taobh amuigh de Theach Laighean | |
Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhainní Nádúrtha
|
|
In oifig 14 Meitheamh 2007 - inniu |
|
Réamhtheachtaí: | Nollaig Ó Díomasaigh |
Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
Dáta breithe | 28 Iúil 1963 |
Baile Átha Cliath | |
Páirtí | Comhaontas Glas |
Céile | Victoria White |
Suíomh gréasáin | EamonRyan.ie |
Is polaiteoir de chuid an Chomhaontais Ghlais é Éamon Ryan (28 Iúil 1963 a rugadh é). Is Teachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Theas ó 2002 agus is é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha sa chomhrialtas atá i réim i láthair na huaire, ó Mheitheamh 2007.
[athraigh] Sonraí Pearsanta
Rugadh Éamon Ryan i mBaile Átha Cliath agus tógadh é i nDún Droma agus i mBaile an Mhuilinn. Oileadh é i gColáiste Gonzaga i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar dtús agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i UCD, áit ar bhain sé céim amach sa tráchtáil.[1] Mhaígh sé féin gur fhás a shuim i gcúrsaí glasa tar éis dó cúrsa éiceolaíochta a dhéanamh don Mheánteist.[2] Comhthogadh é ar dtús ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, nuair a d'éirigh John Gormley as a shuíochán siúd, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála. Atoghadh Ryan sna toghcháin áitiúla i 1999 agus d'éirigh leis suíochán Dála a bhuachaint sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2002, nuair a mhéadaigh líon na nGlasach sa Dáil faoi thrí. Bhí sé i mbun dhá ghnó rothaíochta sular toghadh é chun na Dála, mar atá, Irish Cycling Safaris agus Belfield Bike Shop. Tá sé pósta leis an scríbhneoir Victoria White agus tá ceathrar páistí óga acu. Tá cónaí orthu i gCluain Sceach.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ http://www.dcmnr.gov.ie/Corporate+Units/Minister/
- ↑ A Journey to Change: 25 Years of the Green Party in Irish Politics, le Dan Boyle (2006) lth. 83 ISBN 1-84588-559-7