Sorastar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Sorastar, nó Zoróstar (Gréigis: Ζωροάστρης, Zōroastrēs) nó Zarathustra (Aivéistis: Zaraθuštra), nó Zartosht (Peirsis: زرتشت), an fáidh seanársa Iaránach a chuir tús leis an Sorastrachas. B'é an Sorastrachas reiligiún náisiúnta na Peirse nuair a bhí an rítheaghlach Sasánach á rialú. Inniu, is iad na Parsaigh san India is mó a urramaíonn Sorastar.
Glactar leis go coitianta gur pearsa stairiúil a bhí i Sorastar seachas laoch seanchais amháin, ach is ábhar conspóide é i gcónaí cén t-am a bhí sé beo. Is iomaí meastachán scolártha a shuigh é sna blianta timpeall ar 1200 r. Chr., ach is dóigh le scoláirí eile gur féidir go raibh sé ann in aon am idir an ochtú haois déag agus an séú haois r. Chr.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.