Patrick MacGill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba file agus úrscéalaí Éireannach é Patrick MacGill (24 Nollaig 1889–Samhain 1963), agus aithne air mar "The Navvy Poet", toisc go raibh sé ag obair mar spailpín roimh dul i mbun na scríobhneoireachta dó.
Rugadh Patrick, an duine ba shine de theaghlach aon duine déag feirmeora bhig, ar na Gleannta i dTír Chonaill.
Níor chaith sé féin ach trí bliana ar scoil. Chuaigh sé "chun a'Lagáin" is é dhá bhliain déag d'aois áit ar fhostaigh feirmeoir as Tír Eoghain é. Dhá bhlain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go hAlbain mar oibrí prátaí - "olc go leor d'fhir ach marfach do mhná" mar a scríobh sé. Nuair a bhí se ag sclábhaíocht, bhí se ag léamh agus ag scríobh.
Sa bhliain 1910, foilsíodh "Gleanings from a Navvy's Scrapbook", leabhar ina raibh chan amháin amhráin agus filíocht ach aistriúcháin ar shaothar La Fontaine agus Goeth.
B'éigin dó féin na costais foilseacháin a dhíol, ar nós mangaire, ó dhíol go doras i mbaile Grianaig (Greenock sa Bhéarla) ar thaobh Abhainn Chluaidh ( Clyde side sa Bhéarla) mar sin féin, ba sin an saothar a tharraing clú air mar an 'Navvy Poet'.