Neon
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neon | |
Siombail Cheimiceach | Ne |
Uimhir Adamhach | 10 |
Meáchan Adamhach | 20.1797(6) g·mol |
Grúpa, Peiriad | 18, 2, p |
Dlús | 0.9002 g/L |
Sraith Cheimiceach | Triathgháis |
Is é an neon dúil cheimiceach uimhir a deich, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Ne. Is triathghás é, agus mar sin, ní bhíonn comhdhúile ceimiceacha ar bith aige. Faoi ghnáth-imthoscaí, níl dath ar bith sa neon, ach is féidir é a úsáid le solas dearg a ghineadh i bhfeadáin folús-díluchtúcháin agus i neonlampaí. Is féidir é a úsáid le haghaidh cuisniú freisin. Baintear as an aer é le freastal ar riachtanaisí na teicneolaíochta, ach níl sé flúirseach san atmaisféar. Tá trí iseatóp cobhsaí aige, mar atá, 20Ne, 21Ne agus 22Ne, agus is é an chéad cheann acu an ceann is fairsinge.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.