Mérida
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príomhchathair Extremadura, in iarthar na Spáinne is ea í Mérida. Tá daonra 50,000 duine ann agus tá sé suite i gcúige Badajoz.
Cuireadh an chathair ar bun faoin ainm Emerita Augusta ar ordú ón Impire Rómhánach Augustus, chun áth agus droichead ar abhainn Guadiana a chosaint. Chuir dhá léigiún de sheansaighdiúirí fúthu sa cheantar. Rinneadh príomhchathair an chúige Lusitania as Mérida, agus bhí an-tábhacht léi ar feadh i bhfad. Tá níos mó iarsmaí Rómhánacha i Mérida ná in aon áit eile sa Spáinn, agus is Suíomh Oidhreachta Domhanda í dá bharr sin.
Tá an Punto Romano, seandroichead na Rómhánach, ina sheasamh go fóill, chomh maith le Teampall Diana, iarsmaí an Fhóraim, an Circus Maximus, amharclanna agus suíomhanna seandálaíocha éagsúla. Tá léargas iontach ar stair agus ar chultúr na Rómhánach ar fáil sa mhúsaem.
Ainmníodh cathracha i Veiniséala. agus Meicsiceo as Mérida na Spáinne.