L. L. Zamenhof
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Súil-lia agus focleolaí ab ea an Dr Ludwik Lejzer Zamenhof (15 Nollaig, 1859 – 14 Aibreán, 1917), a thionsnaigh an teanga idirnáisiúnta Esperanto.
Giúdach Polannach ab ea Zamenhof, ar chuir an tsíorchoimhlint de bharr míthuisceana bunaithe ar éagsúlacht na dteangacha isteach air. agus é ina pháiste óg. D'fhoilsigh sé an chéad leabhar (Unua Libro) ar Esperanto i gcathair Vársá na Polainne an 26 Iúil 1887. Chuir sé roimhe teanga neodrach éasca a chur ar fáil, a chuifeadh ar chumas na ndaoine ó chúlraí teanga éagsúla labhairt go líofa ar bhonn an chothraim lena chéile,agus a dteangacha féin a choimeád. Tá timpeall 3 mhilliún duine ar fud an domhain a bhaineannn feidhm as Esperanto.
Chreid Zamenhof chomh daingean sa chomhthuiscint gur bhunaigh sé gluaiseacht "homaranismo" chun comhthréithe na bpríomhreiligiún a chur ar pháipéar agus meas a chothú dóibh, gan cur isteach ar neamhspleáchas na reiligiún éagsúla. Dhúnmharaigh na Naitsithe beirt iníon Zamenhof, Lidja agus Zofia, i gcampa báis Treblinka, agus lámhach siad mac Zamenhof, Adam, a bhí ag obair i nDámh an Leighis in Ollscoil Vársá.
Is liosta le háireamh an méid bunlitríochta a chum Zamenhof in Esperanto, agus an méid de mhórlitríocht na deangacha eile a d'aistrigh sé go hEsperanto. In measc na n-aistriúchán tá an Sean-Tiomna iomlán, Hamlet Shakespeare, agus go leor de shaothar Goethe, Heine, Mickiewicz, srl.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.