Hugo Chávez
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hugo Rafael Chávez Frías | |
Uachtarán Veinséala
|
|
In oifig 2 Feabhra 1999 - inniu |
|
Réamhtheachtaí: | Rafael Caldera |
Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
Dáta breithe | 28 Iúil, 1954 |
Sabaneta, Barinas, Veiniséala | |
Páirtí | PSUV |
Céile | (Colscartha) |
Is é Hugo Rafael Chávez Frias uachtarán reatha Veiniséala. Rugadh é ar 28 Iúil, 1954, an dara mac le beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige. Nuair a theip in éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain. Bhunaigh sé Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta (MVR—Movimiento Quinta República), i 1992. Toghadh é ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán. Ó shin i leith tá feachtaisí oideachais agus sláinte ar bun aige chun 'Réabhlóid Bolivarach' a chur ar bun agus tá iarrachtaí á ndéanamh aige chun comhghuallaíocht a bhunú idir tíortha Mheiriceá Laidineach agus neamhspleáchas a bhaint amach dóibh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala an-naimhdeach i gcoinne Chávez, agus cuireann siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith. Rinneadh iarracht é a chur as oifig in éirí amach airm i 2002, ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é. Bhuaigh sé reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é. Rinne sé socrú le Cúba chun dochtúirí a fháil le dul i mbun seirbhísí leighis sna bruachbhailte bochta nuair a dhiúltaigh dochtúirí meánaicmeacha a thire féin tacú lena scéimeanna, agus chuir sé ola saor ar fáil do réimeas Fidel Castro mar íocaíocht.
Táthar in amhras i gcónaí maidir le cumas rialaithe Chávez, agus eacnamaíocht na tíre ag brath go hiomlán ar phraghas ard na hola. Le déanaí tá Veiniséala i mbun cainteanna le tíortha eile sa chomharsanacht chun píopaí gáis a thógáil a chuirfeadh gás nádúrtha ar fáil ar fud Mheiriceá Theas.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.