Disney
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Walt Disney Company | |
Saghas Comhlachta | Comhlacht poiblí (NYSE: DIS) |
Bunaithe | 1923 |
Suíomh | Burbank, California, SAM |
Daoine Lárnacha | - |
Méid fostaithe | - |
Tionscail | Meáin chumarsáide agus Siamsaíocht |
Láithreán Gréasáin | www.disney.com |
Is é The Walt Disney Company nó Disney mar a thugtar air de ghnáth, ceann de na comhlachtaí siamsaíochta agus meáin is mó ar domhan. Tá sé liostaithe ar Stocmhargadh Nua Eabhrac. Bunaíodh é ar 16 Deireadh Fómhair, 1923 ag na deartháireacha Walt agus Roy Disney mar stiúideo beochana beag. Is ceann de na stiúideonna is mó i Hollywood an lae inniu é agus tá aon pháirc téama déag, dhá pháirc uisce agus líonraí teilifíse éagsúla acu, an American Broadcasting Company nó ABC ina measc.
Tá ceanncheathrú agus príomh-áiseanna léiriúcháin Disney lonnaithe i i Stiúideonna Walt Disney i mBurbank, California, SAM. Is cuid d'innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones é. Bhí ioncam $34.3 billiún ag an gcomhlacht i 2006.
[athraigh] Scannáin
Is bailiúchán é an Buena Vista Motion Pictures Group de na stiúideonna scannánaíochta Disney is mó agus is baill iad den ghrúpa na stiúideonna seo a leanas:
- Walt Disney Pictures
- Touchstone Pictures
- Hollywood Pictures
- Miramax Films
[athraigh] Scannáin Cartún
- Snow White and the Seven Dwarfs (1937)
- Pinocchio (1940)
- Fantasia (1940)
- Dumbo (1941)
- Bambi (1942)
- Saludos Amigos (1943)
- The Three Caballeros (1944)