Cumarsáid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Smaointe, faisnéis, mothúcháin earraí nó gníomhartha a mhalartú é cumarsáid. Tá sochaí iomlán an chine daonna bunaithe air. Úsáideann daoine comharthaí, fuaimeanna agus siombail chun cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus baintear úsáid as meáin éagsúla chun sin a dhéanamh. Dá bhrí sin tá baint ag brainsí éagsúla den eolaíocht leis an chumarsáid: Teangeolaíocht, síceolaíocht, socheolaíocht, polaitíocht, agus teicneolaíochtaí teileagrafaíochta. Le fuaim agus le gothaíocht a chuireann leanaí daonna in iúl go bhfuil ocras, tart, eagla, áthas, srl orthu agus freagraíonn daoine do na comharthaí sin trí bhia, deoch, nó aire de chineálacha eile a thabhairt dóibh. D'fhorbair an teanga labhartha as na gothaí céadracha agus rinne an duine gach iarracht cur le réimse agus le raon na teanga trí athraithe a dhéanamh ar an timpeallacht (comharthaí ar chrainn, clocha, deatach srl) nó trí úsáid a bhaint as scríbhneoireacht nó pictiúir. De réir mar a d'éirigh an chumarsáid níos casta ba ghá go mbeadh an cód céanna tuisceana ag an tarchuradóir (an té a chuireann an teachtaireacht) agus an glacadóir (an té a fhaigheann í).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.