Cill Rónáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cill Rónáin | |
---|---|
Learscáil | |
Daonra (2002) | 270 |
Airde: | 0 m |
Contae: | Contae na Gaillimhe |
Cúige: | Connachta |
Is é Cill Rónáin (Kilronan as Béarla) an príomhbhaile in Árainn. Tagann báid isteach ina chalafort as Dubhlainn i gContae an Chláir agus as Ros a' Mhíl i gContae na Gaillimhe. Tá aerstráca in aice lámha i gCill Éinne. ´Siad na príomh-thionscail ná an iascaireacht agus an turasóireacht. Bíonn sluaite ag triail ar na h-oileáin sa samhradh ag tabhairt cuairt ar na dúnta agus ar na hiarsmaí eile. Tagann an-chuid daltaí scoile, freisin, chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sna Coláistí Samhraidh ar an oileán. Tá daonra 270 sa bhaile. Ceannáireamh 2002.
Tá cheithre theach tabhairne sa mbaile, is iad seo An American Bar, Tí Joe Mac, Tí Joe Watty agus an Lucky Star Bar. Tá príomh ollmhargadh an oileáin agus Ostán Árann lonnaithe ann freisin.
Is i gCill Rónáin ann atá ionad leighis agus halla pobal Inis Mór freisin, Halla Rónáin.
Tá tionchar tionscal na turasóireachta le feiceáil ar fud an bhaile. Tá neart gnónna bheaga ag ofráil réimse seirbhísí agus táirgí do na mílte turasóirí a thugann cuairt an an oileán gach bliain. Tá siopaí ceardearraí, rothair ar chíos, lóistín de gach shaghas, turais mionbhus agus bialanna go leor le fáil i gCill Rónáin. Is baile fuinneamhach bríomhar a bhíonn inti i lár an tsamhraidh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.