Anraí II Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anraí II | |
---|---|
Rí Shasana, Tiarna na hÉireann agus Diúc na Normainne | |
Réimeas | 25 Deireadh Fómhair 1154 – 6 Iúil 1189 |
Dáta breithe | 5 Márta 1133 |
Áit bhreithe | Le Mans, An Fhrainc |
Dáta báis | 6 Iúil 1189 |
Áit bháis | Chinon, An Fhrainc |
Réamhtheachtaí | Stiofán |
Comharba | Risteard I |
Rítheaghlach | Plantagenet |
Céile | Eilionóir Aquitaine |
Bhí Anraí II (5 Márta 1133 – 6 Iúil 1189) ina rí ar Shasana agus ina Dhiúc agus a Thiarna ar chuid mhaith den Fhrainc, den Bhreatain Bheag agus d'Éirinn, ón mbliain 1154 go lá a bháis. Tháinig sé i gcomharbacht ar a chol ceathrair, Stiofán. Bhí sé ar an gcéad duine de theaghlach Plantagenet le bheith ina rí ar Shasana. Ba le linn a réimeas siúd a tháinig na Normannaigh go hÉirinn, rud a chuir tús leis an gcaidreamh achrannach idir Éire agus Sasana, a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Tháinig Risteard I i gcomharbacht air.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.