An tSeoirsia
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Is é an rud is ábhar don leathanach seo ná an tír. Más suim leat ciall eile an téarma seo, léigh Georgia (stát S.A.M.).
|
|||||
Mana: ძალა ერთობაშია (Is é an t-aontas ár gcumhacht) | |||||
Amhrán náisiúnta: Tavisupleba (Saoirse) | |||||
Príomhchathair | Tbilisi 41°43′ Thuaidh 44°48′ Theas |
||||
An chathair is mó | Tbilisi | ||||
Teangacha oifigiúla | Seoirsis | ||||
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire |
Poblacht Mikheil Saakashvili Zurab Noghaideli |
||||
Neamhspleáchas |
|||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
69,700 km² (118ú) - |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 1990 • Dlús |
4,474,000 (117ú) 5,400,000 67/km² (-) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $15.55 billiún (122ú) $3,300 (127ú) |
||||
Airgeadra | Lari (GEL ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
(UTC+4) (UTC+4) |
||||
Fearann Idirlín | .ge | ||||
Glaochód | +995 |
||||
Tír sa Chugais is ea í an tSeoirsia agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an Airméin, an Tuirc agus an Rúis. Gruziya (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan An Ghrúis sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná Sakartvelo (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach i 1991 ón Aontas Sóivéadach.
[athraigh] Daonra
Is í an tSeoirsis teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile san Eoraip. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa tSeoirsia, go háirithe Asarbaiseáinis (6.5 %) agus Airméinis (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach an neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an tSeoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánta an teanga a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na litríochta is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa Críostaí í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, Muslamach is ea é duine as gach deichniúr sa tSeoirsia. Cuid mhór de na Muslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach an neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag Caitliceach agus Protastúnach ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.