Oiséitis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oiséitis (Ирон ӕвзаг, Iron ævzag) | |
---|---|
Á labhairt: | sa Rúis, sa tSeoirsia, sa Tuirc |
Réigiún: | An Cugas |
Cainteoirí san Iomlán: | 700,000 |
Rang: | ~ |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Ind-Iaráinis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na hOiséite Thuaidh, na hOiséite Theas |
Rialaithe ag: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | sa |
ISO 639-2 | san |
ISO/DIS 639-3 | san |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Iaránach is ea an Oiséitis, agus í á labhairt ag seacht gcéad míle duine san Oiséit, limistéar ar shléibhte an Chugais idir an Rúis agus an tSeoirsia. Tá cónaí ar an gcuid is mó acu i gcúige na hOiséite Thuaidh agus na hAláine, atá suite sa Rúis, in aice leis an tSeoirsia, ach thairis sin, tá aon chúigiú cuid de na hÓiséitigh lonnaithe ar an taobh Seoirsiach den teorainn, san Oiséit Theas, agus an tír sin ina cnámh spairne idir an Rúis agus an tSeoirsia faoi láthair.
Tugann na hÓiséitigh féin Ирон ӕвзаг/Iron ævzag nó Иронау/Ironau ar a dteanga. Is í an t-aon teanga amháin a úsáideann an litir úd ӕ san aibítir Choireallach. Creidtear gurb í an Oiséitis an t-iarsma deireanach de theangacha na Scitiach is na nAlánach a shealbhaigh deisceart na Rúise timpeall na mblianta 700-600 roimh bhreith Chríost. Tá abairtí Oiséitise le fáil i bhfoinsí stairiúla Gréigise ó thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost.
Tá dhá chanúint Óiséitise ann, mar atá, Iron agus Digor. Is í an chanúint Iron is tábhachtaí, agus is í is bun leis an teanga liteartha. B'é Kosta Khetagurov (1859-1906) file náisiúnta na nÓiséiteach a chuir tús le caighdeánú na teanga.
San Ungáir, bhí teanga ghaolmhar á labhairt ag treibh a dtugtaí Jász uirthi as Ungáiris. Chuaigh an teanga seo i léig le fada an lá, ach i bhfad ina dhiaidh sin féin, ba nós leis na hUngáraigh aitheantas áirithe a thabhairt don treibh seo mar dhream eitneach ar leith. D'fhág na Jász téacsanna ina ndiaidh ina seanteanga, agus bhí na saineolaithe in ann an Óiséitis a úsáid mar ghléas le ciall a bhaint astu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.