See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An tSacsóin - Vicipéid

An tSacsóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Suíomh
Suíomh
Fógra sa tSacsóin as Gearmáinis agus Soirbis
Fógra sa tSacsóin as Gearmáinis agus Soirbis

Stát cónascach de chuid na Gearmáine in oirthear na tíre is ea í an tSacsóin, nó Saorstát na Sacsóine (Gearmáinis: Freistaat Sachsen, Soirbis Uachtarach: Swobodny stat Sakska, Soirbis Íochtarach: Zwězkowy kraj Sakska).

Is í Dresden a príomchathair. Cathracha móra eile is ea iad Leipzig, Chemnitz agus Zwickau.

Tá an tSacsóin ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha Brandenburg, an tSacsóin-Anhalt, Thüringen agus an Bhaváir. Thairis sin, tá teorainneacha aici leis an bPolainn agus le Poblacht na Seice.

I Mí na Samhna sa bhliain 2006, bhí 4,252,000 duine ina gcónaí sa tSacsóin. Tá daonra na Sacsóine ag dul i laghad, ós rud é go bhfuil sí dealbh dearóil cosúil leis an gcuid is mó d'oirthear na Gearmáine, agus na daoine ag dul siar ar lorg jabanna. Ó athaontú na Gearmáine i leith, chaill an stát sé chéad míle duine dá dhaonra.

Bunaíodh Saorstát na Sacsóine an chéad uair sa bhliain 1918, nuair a chaith Impire na Gearmáine uaidh an choróin. Roimhe sin, thugtaí "Ríocht na Sacsóine" ar an gcúige, is é sin, bhí impire na Gearmáine ag rialú na Sacsóine mar rí. Nuair a tháinig Poblacht Weimar ar an bhfód, chuaigh Saorstát na Sacsóine ann mar cheann de na cúigí. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, b'iad na trúpaí Sóivéadacha a d'fhorghabh an tSacsóin. Nuair a tháinig Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine chun saoil faoi chúram na Sóivéadach in oirthear na Gearmáine, bhí an tSacsóin ina cúige den stát sin ar dtús, mar Land Sachsen. Sa bhliain 1952, chuir na Cumannaigh deireadh leis na seanchúigí le córas nua a bhunú don rialtas réigiúnda. In áit na gcúigí (nó Länder), roinn siad an tír ina gceantair, nó Bezirke, a bhí cosúil leis na hoblasti san Aontas Sóivéadach, agus a ceantar féin timpeall ar gach cathair mhór. Mar sin, rinneadh trí cheantar den chineál nua den tSacsóin, mar atá, Bezirk Dresden, Bezirk Leipzig, agus Bezirk Chemnitz (ina dhiaidh sin, baisteadh Karl-Marx-Stadt ar Chemnitz). Nuair a chuaigh an dá Ghearmáin le chéile arís i ndiaidh dheireadh an Chumannachais sa bhliain 1989, hathbhunaíodh na seanchúigí mar stáit chónascacha arís, ina measc siúd Saorstát na Sacsóine.

Is í an eite dheis, nó an CDU (an tAontas Críostaí Daonlathach), an páirtí is láidre sa tSacsóin ó athaontú na Gearmáine. Is iad na hiar-Chumannaigh (PDS - Páirtí an tSóisialachais Daonlathaigh) an páirtí is mó ar an eite chlé. Níor éirigh leis an SPD (is é sin, daonlathaigh shóisialta Iarthar na Gearmáine) mórán dul chun cinn a dhéanamh riamh i dtoghcháin réigiúnda an stáit chónascaigh seo. Ón mbliain 2004 i leith, áfach, tá comhrialtas an CDU agus an SPD ag rialú na Sacsóine.




aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -