Seán Ó Tuama
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File, drámadóir agus scoláire as Corcaigh, Éire ab ea Seán Ó Tuama (1926-2006). B'as ceantar Mhúscraí a athair, Aodh. Tar éis dó céim a bhaint amach in Ollscoil Chorcaigh mar a raibh Dónall Ó Corcora ina Ollamh lena linn, rinne sé tuilleadh staidéir in Éirinn agus i S.A.M. Chaith sé na blianta mar Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Chorcaí. Bhí sé gníomhach i gcúis na Gaeilge chomh maith agus chaith sé tamall ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. D'éirigh sé as tar éis dó plean gníomhaíochta a fhoilsiú ina raibh spriocanna nach raibh ró-uaillmhianach ach a bhí indéanta dar leis, ach ní bhfuair sé tacaíocht ar bith ón Rialtas.
Bhí spéis ar leith aige sna dánta grá, i bhfilíocht Sheáin Uí Ríordáin agus Aogáin Uí Raithile agus san aistriúchán.
Fuair sé bás i gCorcaigh ar an 14 Meán Fómhair 2006.
[athraigh] Leabhair
- Nuavéarsaíocht (eag.)
- An Grá in Amhráin na nDaoine
- Filí faoi Sceimhle
- An Duanaire, Poems of the Dispossessed
[athraigh] Foinsí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.