Séamus VI
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamus VI agus I | |
---|---|
Rí na hAlbain, na hÉireann agus Sasana | |
Séamus VI/I ón tréimshe idir 1603–1613. Portráid le Paul van Somer I (1576–1621) | |
Réimeas | Albain: 1567–1625 Sasana/Éire: 1603–1625 |
Dáta breithe | 19 Meitheamh, 1566 |
Áit bhreithe | Dún Éideann, Albain |
Dáta báis | 27 Márta, 1625 |
Áit bháis | Hertfordshire, Sasana |
Réamhtheachtaí | Albain: Máire I Sasana/Éire: Eilís I |
Comharba | Séarlas I |
Rítheaghlach | Stíobhart |
Céile | Áine na Danmhairge |
Ba rí Briotanach é Séamus (19 Meitheamh, 1566 – 27 Márta, 1625). Séamus VI an t-ainm a bhí air mar rí na hAlban, agus Séamus I mar rí Shasana.
Clár ábhair |
[athraigh] Óige
Mac le Máire I, banríon na nAlbanach agus leis an Tiarna Darnley ab ea é. Col ceathar le Máire ab ea í Eilís I, banríon Shasana, agus b'í Eilís máthair bhaistí Shéamuis. Bhí Máire ina Caitliceach, ach ós rud é gur Protastúnaigh ab ea iad na tiarnaí Albanacha, bhí a lán cogaidh agus coimhlinte ann. Nuair a bhí Máire torrach le Séamus, chuaigh cuid de na tiarnaí i gcomhcheilg le David Rizzio a dhúnmharú. Rúnaí agus cara le Máire ab ea é Rizzio. D'fheall Darnley ar a bhean, agus bhí Séamus agus a mhathair i gcontúirt i dtólamh. Sa deireadh, dúnmharaíodh Darnley féin, agus phós Máire an dúnmharfóir, an Tiarna Bothwell, ach bhí fearg agus frustrachas ar na tiarnaí Albanacha anois, agus caitheadh Máire i dtóin an phríosúin. Ghair na tiarnaí rí de Shéamus, cé nach raibh sé ach aon bhliain amháin d'aois.
[athraigh] Ard rí Alban agus Triath nan Eilean 1567–1625
Bhí an choróin ag an mbuachaill, ach bhí an chumhacht ag na tiarnaí agus ag airíoch an rí. Bhí a lán uisce faoi thalamh ar siúl in aghaidh Shéamuis, ach tháinig sé slán. Chuir Séamus an Tiarna Morton, an t-airíoch, chun báis sa bhliain 1581, agus fuair sé seilbh cheart ar an ríchathaoir faoi dheoidh. Bhí sé cúig bliana déag d'aois san am, agus comhcheilgí eile ag bagairt air sna blianta a bhí le teacht. Tríd is tríd, bhí blianta a óige lán contúirte agus doirteadh fola.
[athraigh] Rí Shasana agus na hÉireann 1603–1625
Sa bhliain 1586, chuir Eilís a col ceathar, Máire, chun báis. Ó nach raibh clann ar bith ag Eilís, b'é Séamus a bhí ar an chéad oidhre ar choróin Shasana, de réir an chomharbais. Sa bhlian 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamus coróin Shasana mar ba dual dó. Tugadh Séamus I air, mar Rí Shasana. Aontas pearsanta idir Sasana agus Albain a bhí ann ansin, ach níor tháinig an t-aontas polaitiúil ar an bhfód roimh an mbliain 1707.
Ní raibh tuairim láidir ag Séamus i leith an chogaidh chreidimh ar dtús, ach sa bhliain 1605, rinne baicle Chaitliceadh, agus fear arbh ainm dó Guy Fawkes i ceannas orthu, iarracht ar é a dhúnmharú, is é sin, Comhcheilg an Phúdair Ghunna. Ina dhiaidh sin, chuir Séamus an Caitliceachas faoi chois.
Bhí Cogadh an Tríocha Bliain ar siúl san Eoraip ar na saolta sin, agus Alba is Sasana ag tacú le taobhanna contrártha sa chogadh.
Bhí Séamus agus an Pharlaimint in achrann a chéile fad a D'éirigh eatarthu idir Séamus agus an Parlaiminte fad a réimis.
[athraigh] Saol agus Clann
Phós Séamus Áine, Banphrionsa na Danmhairge agus na hIorua, sa bhliain 1589. Bhí cúigear clainne acu. An mac ba sine a bhí acu, mar atá, Anraí, fuair sé bás in aois a ocht mbliana déag dó.
Cailleadh Áine sa bhliain 1619 agus Séamus féin sa bhliain 1625. Thit an choróin lena mac, Séarlas I, ansin.